Ár n-Aidhmeanna

Ronán @ Cogar
Tá Éire ag athrú.
Tá ár sráideanna, ár scoileanna agus ár saol ar líne níos éagsúlaithe, níos oscailte agus níos nasctha ná mar a bhí riamh. Taobh leis an athrú sóisialta agus cultúrtha sin, tá athmhúscailt chiúin ag tarlú: fonn ar dhaoine ceangal arís le rud éigin atá go hiomlán s’againne, rud is féidir le gach duine a thugann “Éire” nó “baile” orthu féin a roinnt, bíodh siad in Éirinn nó thar lear.
Is í an Ghaeilge an rud sin dúinne.
De réir mar a éiríonn aghaidh agus comhdhéanamh na tíre níos ilghnéithí, nach bhfuil deis againn Gaeilge a chur i gcroílár coincheapa nua, roinnte agus cuimsithí d’aitheantas Éireannach? Ní mar uirlis eisiata ná mar scrúdú, ach mar dhroichead snáithe cultúrtha coitianta ar féidir le duine ar bith greim a fháil air má roghnaíonn sé/sí é.
Tír gan teanga, tír gan anam.
Sa lá atá inniu ann, tá an t-anam sin beo bríomhar. Ó obair eagraíochtaí ar nós Chonradh na Gaeilge, go podchraoltaí, grúpaí pobail, Gaelscoileanna agus cruthaitheoirí ar líne, tá éiceachóras ag fás timpeall na teanga; daoine ag úsáid, ag ceiliúradh agus ag athnuachan na Gaeilge gach lá. Ba mhaith le Cogar seasamh leis an iarracht sin, agus rud nua a chur leis: baile digiteach, nua-aimseartha, laethúil don Ghaeilge.
Den chéad uair riamh sa stair, tá na scileanna, an t-eolas agus an t-fonn againn teicneolaíocht a úsáid chun stádas agus seasamh na Gaeilge a threisiú, ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain. Tá níos mó agus níos mó dár meáin, dár gcairdeas agus dár bpobail “ina gcónaí” ar ár bhfóin. Mar sin, cén fáth gan spás a chruthú ina bhfuil an Ghaeilge mar réamhshocrú, seachas mar eisceacht?
Is é misean Cogar:
-
A chinntiú go bhfuil áit le feiceáil, nádúrtha ag an nGaeilge i ngnáthshaol digiteach daoine díreach ansin ar a bhfóin.
-
Taithí iomlánaíoch ar mheáin shóisialta a chruthú trí Ghaeilge, áit a mbraitheann úsáid laethúil na teanga gnáth agus nádúrtha, ní rud imeallach í.
-
Úsáideoirí le leibhéil éagsúla Gaeilge a spreagadh – ón gcúpla focal go líofacht, bunaithe ar a roghanna maidir le fothaí, topaicí agus meáin.
-
Acmhainní foghlama a chur ar fáil do thosaitheoirí agus do chainteoirí meánleibhéil, fite fuaite isteach i bhfíor-ábhar beo.
-
Geata a sholáthar chun meáin, ealaín, litríocht agus cruthaitheoirí Gaeilge a aimsiú.
-
Bealaí a chur ar fáil chun grúpaí agus imeachtaí a chruthú agus a fhreastal orthu, ar líne agus as líne.
-
Uirlisí a thabhairt do ghnólachtaí agus do thionscadail Ghaeilge iad féin a chur chun cinn ar fud an domhain.
Thar aon ní eile, modh a chur ar fáil chun an Ghaeilge a normalú i gcomhthéacsanna laethúla, ní hamháin sna Gaeltachtaí ná i spásanna “éigeantacha”.
Is aidhm lárnach ag Cogar Teicneolaíochta freisin deiseanna a lorg agus a chruthú le haghaidh seirbhísí digiteacha, aipeanna agus acmhainní eile trí Ghaeilge, uirlisí a bhrúnn an teanga chun cinn sa ré nua. Tá sé mar sprioc againn a léiriú gur féidir innealtóireacht bogearraí, dearadh táirgí agus teicneolaíocht nua-aimseartha a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, agus nuálaíocht a spreagadh leis an gcuspóir sin.
I mbeagán focal: baineann Cogar leis an gcultúr agus leis an teanga, agus tá sé oscailte do chách.
Más féidir leis an nGaeilge a bheith mar bhunchloch roinnte do thuiscint níos cuimsithí, níos muiníní d’aitheantas Éireannach, is í an obair atá againne na huirlisí a thógáil a fhágann go bhfuil an rogha sin éasca, taitneamhach, agus mar chuid nádúrtha den saol laethúil.
