Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta

Freagraí ar na ceisteanna is coitianta faoi Cogar

Ceisteanna Coitianta

Nuashonraithe: 11 Bealtaine 2026

Tá an leathanach seo ann chun cur síos soiléir a thabhairt ar Cogar, ar a mhisean, agus ar conas atá an t-ardán á thógáil.

Clár Ábhar

  1. Cad é Cogar?
  2. Cén fáth ardán sóisialta trí Ghaeilge a thógáil?
  3. Cé dó Cogar?
  4. Conas a oibríonn Cogar?
  5. An bhfuil Cogar dírithe ar chainteoirí líofa amháin?
  6. Cén difríocht atá idir Cogar agus gnáth-ardáin shóisialta?
  7. An bhfuil Cogar ag teacht in áit Twitter, Bluesky, Instagram, TikTok, nó Facebook?
  8. An ardán díláraithe é Cogar?
  9. Cad é an comhlacht taobh thiar de Chogar?
  10. Cén bhaint atá ag Cogar le heagraíochtaí Gaeilge atá ann cheana?
  11. Cá mhéad duine atá ar Chogar?
  12. Conas is féidir liom dul isteach i gCogar?

Cad é Cogar?

Is ardán meán sóisialta trí Ghaeilge é Cogar. Tá sé á thógáil chun spás nua-aimseartha ar líne a thabhairt do chainteoirí Gaeilge, d’fhoghlaimeoirí, do phobail, do chruthaitheoirí, d’eagraíochtaí, agus do dhaoine a bhfuil suim acu sa teanga - spás ina bhfuil an Ghaeilge gnáth, feiceálach, úsáideach, agus beo.

Ligeann formhór na n-ardán sóisialta duit Gaeilge a úsáid, ach ní bhíonn siad tógtha timpeall ar an nGaeilge. Sin an difríocht le Cogar. Ní breiseán í an Ghaeilge anseo. Ní scagaire í. Ní cúinne beag í taobh istigh d’ardán níos mó. Is í bunús na taithí í.

Tá an sprioc shimplí: é a dhéanamh níos éasca do dhaoine Gaeilge a úsáid go sóisialta, ábhar Gaeilge a aimsiú, cainteoirí eile a leanúint, pobail a chruthú, postálacha a roinnt, imeachtaí a chur chun cinn, agus níos mó muiníne a bheith acu sa teanga sa ghnáthshaol digiteach.

Ní hé cuspóir Cogar teacht in áit na bpobal, na n-eagraíochtaí, na meán, ná na spásanna Gaeilge atá ann cheana. Tá Cogar á thógáil chun iad a nascadh, tacú leo, agus gníomhaíocht trí Ghaeilge a dhéanamh níos éasca le fáil.

Cén fáth ardán sóisialta trí Ghaeilge a thógáil?

Is teanga bheo í an Ghaeilge, ach tarlaíonn cuid mhór den saol digiteach nua-aimseartha in áit éigin eile.

Úsáidtear an Ghaeilge i scoileanna, i dtithe, i gcomhráite, ag imeachtaí, ar an raidió, sa cheol, sna meáin, i leabhair, i bpodchraoltaí, i ngrúpaí pobail, agus i bpostálacha ar líne atá scaipthe ar fud ardáin éagsúla. Ach níl mórán spásanna sóisialta nua-aimseartha ann ina bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga an ardáin féin.

Tá Cogar ann mar go dteastaíonn áiteanna ó theanga le maireachtáil.

Fásann teanga nuair is féidir le daoine í a úsáid go neamhfhoirmiúil, go neamhfhoirfe, go muiníneach, go poiblí, agus go sóisialta. Níor cheart don Ghaeilge a bheith teoranta don seomra ranga, do ráitis fhoirmiúla, nó d’ócáidí speisialta. Ba cheart di a bheith i láthair i ngreann, i dteachtaireachtaí, in imeachtaí, i moltaí, i ngrianghraif, i bplé, i gceisteanna, i gcairdeas, i bpoist, i gceol, i bhfógraí áitiúla, agus i ngnáthchomhrá an lae.

Ba mhaith linn go gcabhródh Cogar leis an mothúchán timpeall na Gaeilge a athrú - ó bhrú nó imní go muinín, bród, fiosracht, agus áthas.

Cé dó Cogar?

Tá Cogar ann d’aon duine ar mian leo an Ghaeilge a úsáid, a fhoghlaim, tacú léi, nó í a aimsiú.

Áirítear leis sin cainteoirí líofa, foghlaimeoirí, daoine atá ag filleadh ar an teanga, daoine a d’fhás aníos leis an nGaeilge, daoine atá meirgeach, daoine lasmuigh d’Éirinn, tuismitheoirí, múinteoirí, ealaíontóirí, ceoltóirí, eagraithe pobail, gnólachtaí, agus eagraíochtaí atá ag obair trí Ghaeilge nó ar son na Gaeilge.

Ní gá Gaeilge fhoirfe a bheith agat le bheith páirteach i gCogar.

Ní hé an cuspóir daoine a mheas nó a cháineadh. Is é an cuspóir spás a chruthú ina spreagtar daoine an Ghaeilge atá acu a úsáid, dul chun cinn a dhéanamh le himeacht ama, agus ceangal a dhéanamh le daoine eile.

Conas a oibríonn Cogar?

Tugann Cogar gnéithe bunúsacha meán sóisialta le chéile i dtimpeallacht atá dírithe ar an nGaeilge.

Is féidir le húsáideoirí próifílí a chruthú, postálacha a roinnt, úsáideoirí eile a leanúint, teachtaireachtaí a sheoladh, ábhar a aimsiú, páirt a ghlacadh i ngrúpaí, agus gníomhaíocht trí Ghaeilge a fháil. Le himeacht ama, cuirfidh Cogar tacaíocht ar fáil freisin d’imeachtaí, d’fhógraí pobail, d’aimsiú ábhair sna meáin, d’uirlisí foghlama, do dheiseanna fostaíochta, d’uirlisí do chruthaitheoirí, agus do bhealaí a chabhróidh le heagraíochtaí agus gnólachtaí Gaeilge lucht spéise cuí a bhaint amach.

Tá an t-ardán á thógáil céim ar chéim, agus tá úsáideoirí luatha ag cabhrú linn tuiscint a fháil ar cad a oibríonn.

Ní hé an chéad sprioc ardán ollmhór a thógáil thar oíche. Is é an sprioc spás úsáideach, sábháilte, beo a chruthú - áit a mbeidh daoine ag iarraidh filleadh uirthi.

An bhfuil Cogar dírithe ar chainteoirí líofa amháin?

Níl.

Tá Cogar ann do dhaoine ag leibhéil éagsúla Gaeilge.

Beidh roinnt úsáideoirí líofa. Beidh roinnt eile ag foghlaim. Beidh daoine ann a thuigeann níos mó ná mar a scríobhann siad. Beidh daoine ann atá ag iarraidh muinín a fháil ar ais tar éis blianta fada ón teanga.

Ba cheart don ardán tacú leis na daoine sin ar fad gan an Ghaeilge a dhéanamh scanrúil.

Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh an taithí a bheith fáiltiúil, praiticiúil, agus cineálta. Ba cheart an Ghaeilge a spreagadh, ach níor cheart go mbraithfeadh duine ar bith nach bhfuil fáilte rompu de bharr botúin amháin.

Cén difríocht atá idir Cogar agus gnáth-ardáin shóisialta?

Ar fhormhór na n-ardán, bíonn ábhar Gaeilge scaipthe. Caithfidh tú cuardach a dhéanamh air, nó a bheith ar an eolas cheana faoi cé ba cheart duit a leanúint, nó brath ar algartaim nár dearadh leis an nGaeilge san áireamh.

Tosaíonn Cogar ón áit eile.

Tá an Ghaeilge i gcroílár an ardáin. Tá na daoine, an t-ábhar, na pobail, na himeachtaí, agus na huirlisí aimsithe múnlaithe timpeall na teanga.

Athraíonn sé sin mothú an spáis. In áit go mbeadh an Ghaeilge ina heisceacht bheag taobh istigh d’ardán Béarla, déanann Cogar an Ghaeilge mar ghnáth-chomhthéacs.

An bhfuil Cogar ag teacht in áit Twitter, Bluesky, Instagram, TikTok, nó Facebook?

Níl.

Ní hé cuspóir Cogar gach ardán sóisialta mór eile a chur as áit.

Tá na hardáin sin ann cheana, agus úsáideann go leor cruthaitheoirí agus pobail Ghaeilge iad go maith. Tá Cogar á thógáil le cuspóir níos sainiúla: ciseal sóisialta tiomnaithe a chruthú do shaol na Gaeilge ar líne.

Is féidir le daoine ardáin eile a úsáid fós. Ba cheart do Chogar é a dhéanamh níos éasca daoine, ábhar, eagraíochtaí, imeachtaí, agus deiseanna trí Ghaeilge a aimsiú - agus ansin cabhrú leis an ngníomhaíocht sin fás.

An ardán díláraithe é Cogar?

Ní hea, ní ag an gcéim seo.

Tá Cogar á thógáil faoi láthair mar ardán tiomnaithe lena bhonneagar féin, lena rialacha féin, agus lena chaighdeáin phobail féin. Is é an tosaíocht anois táirge cobhsaí, sábháilte, úsáideach a chruthú d’úsáideoirí Gaeilge.

É sin ráite, tá Cogar á thógáil le solúbthacht fhadtéarmach san áireamh. Ní hé an misean níos leithne daoine a ghlasáil isteach in ardán dúnta eile. Is é an misean tacú le saol digiteach na Gaeilge ar bhealach a fhéadfaidh fás, nascadh, agus athrú le himeacht ama.

Cad é an comhlacht taobh thiar de Chogar?

Tá Cogar á fhorbairt ag Cogar Teicneolaíochta Ltd le cheadúnas bogearraí agus táirgí ó Busy Little Pixels. Is é Ronán Ó Laoire an t-aon duine atá i gceist leis an tionscadail faoi láthair.

Tá an comhlacht ann chun teicneolaíocht a thógáil do theangacha mionlaigh, do theangacha faoi ghannionadaíocht, agus do theangacha nach mbíonn spás ceart acu i saol digiteach an lae inniu - ag tosú leis an nGaeilge.

Is é Cogar an chéad tháirge: ardán sóisialta trí Ghaeilge, deartha chun tacú le pobal, aimsiú, cumarsáid, agus gnáthúsáid na teanga ar líne.

Cén bhaint atá ag Cogar le heagraíochtaí Gaeilge atá ann cheana?

Tá Cogar neamhspleách, ach níl sé á thógáil in aghaidh eagraíochtaí eile.

Tá obair thábhachtach ar siúl cheana ag meáin Ghaeilge, grúpaí pobail, scoileanna, eagraíochtaí cultúrtha, ealaíontóirí, gnólachtaí, agus gníomhaithe teanga. Tá sé mar aidhm ag Cogar an obair sin a dhéanamh níos éasca le haimsiú agus níos éasca le nascadh léi.

Ba cheart don ardán a bheith ina áit inar féidir gníomhaíocht trí Ghaeilge a roinnt, a chur chun cinn, a phlé, agus a thacú.

Tacaíonn muid le haon eagraíocht, meán, nó pobal atá ag obair chun gníomhaíocht na Gaeilge a chur chun cinn agus a thacú.

Táimid buíoch as aon tacaíocht, treoir, saineolas ón bpobal.

Cá mhéad duine atá ar Chogar?

Tá Cogar díreach tar éis lanseáil.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil an aip á n-úsáid ag úsáideoirí luatha agus go bhfuil an táirge, na huirlisí pobail, na córais mhodhnóireachta, agus na pleananna fás fós á bhfeabhsú.

Is é an fócas anois fás cúramach: foghlaim ó fhíorúsáideoirí, fadhbanna a réiteach, an taithí a fheabhsú, agus an t-ardán a ullmhú do sheoladh poiblí níos leithne.

Conas is féidir liom dul isteach i gCogar?

Tá Cogar ar fáil anois san App Store agus an Play Store, nó ar https://cogar.ie.

Cogar | Ardán sóisialta. Trí Ghaeilge, Bí Linn.