
Ronán @ Cogar
Táimíd Beo
Tar éis tréimhse fhada tógála, tástála agus snasaithe, tá Cogar á scaoileadh anois: ardán sóisialta trí Ghaeilge, cruthaithe chun spás nádúrtha, sóisialta agus fáilteach a thabhairt don Ghaeilge ar líne.
Is é an cuspóir simplí: áit a chruthú inar féidir le daoine Gaeilge a úsáid mar theanga bheo; le cairde, le pobail, le hábhar, le comhráite, le foghlaim, agus le spraoi.
Ní aip í Cogar "faoin nGaeilge" amháin.
Is aip í trí Ghaeilge.
Do dhaoine líofa, d'fhoghlaimeoirí, do dhaoine atá ag filleadh ar an teanga, agus do Ghaeil ar fud an domhain atá ag iarraidh níos mó Gaeilge a bheith ina saol laethúil.
Beidh sé seo ag fás céim ar chéim. Tá go leor le tógáil fós. Ach tá an bunspás ann anois, agus tá sé i bhur lámha.
Má tá suim agat sa Ghaeilge, sa phobal, sa teicneolaíocht, nó i dtodhchaí níos láidre don teanga ar líne, bí linn.
Tá Cogar ar fáil anois ar an App Store agus ar Google Play.
#Gaeilge #GaeilgeAbú #Cogar


